Home Home
The Courts Service of Ireland
This is a site slogan
Teanga
  • English
  • Gaeilge
  • Seirbhísí
  • GA Courts
  • Maidir linn
  • Cuardach
Teacht Orainn
Teanga
  • English
  • Gaeilge

Fógra ón Ard-Chúirt – Saoire Cincíse 2024

Courts Service Menu

  • Eolas fúinn
    • Bord na Seirbhíse Cúirteanna
    • Struchtúr Eagraíochtaí agus Rialachas
    • Seirbhís do Chustaiméirí
  • Tuarascáil Bhliantúil
  • Gairmeacha
  • Nuacht
  • Meáin
  • Foilseacháin
  • Open Data Portal
Back
Back
Fógra ón Ard-Chúirt – Saoire Cincíse 2024
Friday 17th May 2024
Going to Court
499 Days ago

Cuirtear na socruithe seo a leanas in iúl do chleachtóirí agus d'úsáideoirí cúirte le linn Saoire Cincíse 2024 don Ard-Chúirt.

Beidh Breitheamh Ard-Chúirte ar fáil gach lá le linn na Saoire chun iarratais phráinneacha amháin a éisteacht.

I gcás aon ábhar práinneach den sórt sin, déan teagmháil, le do thoil, leis na Ceithre Cúirteanna ag 01-8886000 chun socruithe a dhéanamh leis an gCláraitheoir Ard-Chúirte ar Dualgas. Ní liostófar iarratais os comhair an Bhreithimh Saoire gan deimhniú ón gCláraitheoir Ard-Chúirte ar Dualgas go bhfuil práinn leis an ábhar. Bí réidh le do thoil chun míniú ar an bpráinn a chur i scríbhinn trí ríomhphost.   

Beidh gach suí os comhair an Bhreithimh shaoire ar siúl sna Ceithre Cúirteanna (Cúirt 6) ar 11.00 r.n. mura gcuireann an Cláraitheoir Ard-Chúirte ar Dualgas a mhalairt in iúl.

Anuas ar an méid thuas, suífidh an Liosta Bannaí i dTeach Cúirte Chnoc na Seamar Dé Máirt 21 Bealtaine, Déardaoin 23 Márta agus Dé Máirt 28 Bealtaine agus beidh an Liosta Eiseachadta ina shuí sna Cúirteanna Breithiúnais Coiriúla Dé Céadaoin 22 Bealtaine 2024.

Dialann Dlí

Foilseofar an Dialann Dlí ar shuíomh gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (www.courts.ie) gach lá a mbeidh an Phríomh-Oifig ar oscailt le linn Saoire Cincíse.

Príomh-Oifig na hArd-Chúirte

Is féidir gnó a dhéanamh sa Phríomh-Oifig trí choinne a dhéanamh trí úsáid a bhaint as an gcóras coinní ar líne https://www.courts.ie/ga/cuir-coinní-áirithe-ar-líne. Maidir le ceisteanna práinneacha, sa chás nach féidir áirithint a dhéanamh ar líne, seol ríomhphost dublincivillaw@courts.ie chun coinne a dhéanamh.

Nina Brennan
Príomhchláraitheoir
16 Bealtaine 2024


FooterMenu

  • Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • Gairmeacha

FooterMenu2

  • Rochtain
  • Cosaint sonraí
  • Príobháideachais agus Fianáin
  • Disclaimer

FooterMenu3

  • Saoráil Faisnéise
  • An tAcht um Brústocaireacht
  • E-justice portal
  • Iarratas ar Chárta Ceada Cúirte