Foscríbhinn J: Aimiréalacht
Cuid I:Toghairm Thionscnaimh
Uimh. 1 | |
Uimh. 2 | |
Uimh. 3 |
Cuid II : Ilghnéitheach
Uimh. 4 | |
Uimh. 5 | |
Uimh. 6 | |
Uimh. 7 |
Fógra um barántas nó ionstraim a sheirbheáil ag marascal aimiréalachta |
Uimh. 8 | |
Uimh. 9 | |
Uimh. 10 | |
Uimh. 11 | |
Uimh. 12 | |
Uimh. 13 | |
Uimh. 14 | |
Uimh. 15 | |
Uimh. 16 | |
Uimh. 17 | |
Uimh. 18 | |
Uimh. 19 | |
Uimh. 20 | |
Uimh. 21 |
Cuid III: Formhuiniú Ginearálta an Éilimh
Cuid IV : Ráiteas Éilimh
Cuid V: An Chosaint
Uimh. 1 | |
Uimh. 2 | |
Uimh. 3 |
Cuid I: TOGHAIRM THIONSCNAIMH.
O. 64, r. 2 TTOGHAIRM IOMLÁNACH I GCAINGEAN AIMIRÉALACHTA IN REM. _______ An Ard-Chúirt. Aimiréalacht. 20 ....... Uimh. ... An [ainm na loinge, nó an mhaoin eile lena mbaineann an chaingean, e.g. lasta ex...................... , airgead miotail ex................... fáltais as an ...................... Maidir le baoi rabhcháin, nó de réir mar a bheidh]
Idir A.B., ......... Gearánaí,
agus
Úinéirí [ainm na loinge, nó an mhaoin eile lena mbaineann an chaingean] [nó i gcaingean chomhúinéireachta an chuid eile d’úinéirí.........nó Gach duine a éilíonn go bhfuil leas aige sa.........] .........Cosantóirí.
D’úinéirí [ainm na loinge] .........as port.........[nó an mhaoin eile lena mbaineann an chaingean] agus do na páirtithe a bhfuil leas acu sa chéanna.
Ceanglaítear leis an toghairm iomlánach seo ort/oraibh [gabh ar aghaidh mar atá i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn A, Cuid I.]
_______
O. 64, r. 2 TOGHAIRM IOMLÁNACH I GCAINGNE AIMIRÉALACHTA EILE. _______ An Ard-Chúirt. Aimiréalacht.
20 ....... Uimh. ..... An......... [ainm na loinge, nó an mhaoin eile lena mbaineann an chaingean. I gcaingne maidir le teorannú dliteanais, luaigh ainm long an ghearánaí].
Idir A.B., .........Gearánaí, agus C.D., .........Cosantóir.
Don chosantóir, C.D., ........as........ i gContae........ Ceanglaítear leis an toghairm iomlánach seo ort [gabh ar aghaidh mar atá i bhFoirm Uimh. 1 i bhFoscríbhinn A, Cuid I].
_______
O. 64, r. 2
TOGHAIRM SPEISIALTA IN IMEACHTAÍ AIMIRÉALACHTA. _______ An Ard-Chúirt. 20 ....... Uimh. ....
An........ [ainm na loinge] Idir A.B., ........Gearánaí, agus C.D., ........Cosantóir.
Don chosantóir, C.D., ........as........ i gContae........ Ceanglaítear leis an toghairm speisialta seo ort [gabh ar aghaidh mar atá i bhFoirm Uimh. 3 i bhFoscríbhinn A, Cuid I].
_______ Cuid II: ILGHNÉITHEACH.
MIONNSCRÍBHINN FAOI CHOMHAIR BARÁNTAIS I GCÚIS SRIANTACHTA. _______ [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Mionnaímse, A.B., ........as........ agus deirim mar a leanas: -
1. Tá mé i m’úinéir dleathach ar [luaigh an uimhir] cheithre scair is seasca den........nó den árthach........a bhaineann le port........ agus is é luach na scaireanna sin agam suim........euro, nó mar sin. 2. Tá an t-árthach sin ar fuireach i........anois, agus tá sí ina sheilbh nó faoina rialú ag........, úinéir [luaigh an uimhir] ceithre scair is seasca di, agus tá sí ar tí a curtha chun bealaigh aige ar aistear go........, de m’ainneoin. 3. Is mian liom go ndéanfaí an t-árthach sin a shrianadh ó dhul chun farraige go dtí go dtabharfar urrús go feadh mo leasa inti um a teacht ar ais slán chun an phoirt in [an port lena mbaineann an t-árthach] agus chuige sin is gá cabhair agus próis na hArd-Chúirte.
Arna mhionnú, etc........
_______
MIONNSCRÍBHINN FAOI CHOMHAIR BARÁNTAIS I GCÚIS SEILBHE. _______ [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Mionnaímse, A.B., as........, agus deirim mar a leanas:-
1. Tá mé i m’úinéir dleathach ar [luaigh an uimhir] cheithre scair is seasca den........nó den árthach........a bhaineann le port [luaigh náisiúntacht an árthaigh, agus más árthach coigríche í taispeáin gur comhlíonadh Ordú 64, riail 6 (b)]. 2. Tá an t-árthach sin anois ar fuireach i........, agus tá sí ina sheilbh nó faoina rialú ag [luaigh ainm, seoladh agus tuairisc an duine atá ag coinneáil seilbhe uirthi, agus abair cé acu máistir an árthaigh nó páirtúinéir uirthi é, agus, más úinéir é, méid a chuid scaireanna], agus diúltaíonn an........sin an céanna a thabhairt suas dom [agus thairis sin tá deimhniú cláraithe an árthaigh sin ina sheilbh aige agus tá sin á choinneáil uaim go neamhdhleathach aige]. 3. Is gá cabhair agus próis na hArd-Chúirte chun a chur ar mo chumas seilbh a fháil ar an árthach sin [agus ar an deimhniú cláraithe].
Arna mhionnú, etc. ........ _______
FÓGRA NÓ PRAECIPE UM BARÁNTAS. [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann an ghearánaí, barántas chun [luaigh ainm agus cineál na maoine] a ghabháil.
Arna dhátú ........ _______
FÓGRA UM BARÁNTAS NÓ IONSTRAIM A SHEIRBHEÁIL AG MARASCAL AIMIRÉALACHTA O. 64, r. 59 [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann an ghearánaí, go ndéanfaí an barántas a thaisctear leis seo a fhorghníomhú trí ghabháil a dhéanamh ar an árthach ...................................................................................................................... atá anois ar fuireach i ............................................................................................. agus ar an lasta atá anois, nó a bhí le gairid, luchtaithe inti, maille leis an last-táille atá dlite as an lasta sin a iompar, agus geallaim leis seo an Marascal Aimiréalachta a shlánú i leith na muirear agus na gcaiteachas uile a thabhófar ina thaobh sin, nó aon éilimh a dhéanfar air i ndáil leis an ngabháil nó leis an gcoinneáil sin.
Arna dhátú ........
(Nóta.—Más ar athphort atá an mhaoin agus go n-éilítear í a ghabháil láithreach, comhlánaigh an Fhoirm mar a leanas:)
Iarraimse, X.Y., freisin go gcuirfí treoracha ar aghaidh le teileagraf chuig ionadaí an Mharascail Aimiréalachta i........................................................................ á éileamh an t-árthach sin agus an lasta atá anois, nó a bhí le gairid, luchtaithe inti a ghabháil láithreach, maille leis an last-táille atá dlite as an lasta sin a iompar, in oirchill an barántas a theacht, agus geallaim leis seo an Marascal Aimiréalachta a shlánú i leith na muirear agus na gcaiteachas uile a thabhófar de dhroim na dtreoracha sin. Arna dhátú ........ _______
O. 64, r. 6 BARÁNTAS GABHÁLA.
Do Mharascal Aimiréalachta na hArd-Chúirte agus do gach aon agus gach uile ionadaí dó, beatha agus sláinte.
Cuirtear dáithne ort leis seo ón Ard-Chúirt gabháil a dhéanamh ar an long nó ar an árthach ........a bhaineann le port ........ (agus ar an lasta atá anois, nó a bhí le gairid, luchtaithe inti, maille leis an last-táille atá dlite as an lasta sin a iompar nó de réir mar a bheidh) agus an céanna a choimeád faoi ghabháil shábháilte go dtí go bhfaighidh tú orduithe thairis sin ón Ard-Chúirt.
Le hOrdú na hArd-Chúirte. Arna dhátú ........
_______
FÓGRA FAOI BHANNAÍ. [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
Bíodh seo ina fhógra go ndéanaimse, X.Y., aturnae thar ceann [an ghearánaí nó an chosantóra], na daoine thíosluaite a thairiscint mar bhannaí thar ceann [luaigh ainm, seoladh agus tuairisc an pháirtí a bhfuil bannaí le tabhairt ina leith] i suim €........, chun freagairt sa bhreithiúnas sa chaingean seo [más i leith costas é, cuir leis chomh fada is a bhaineann le costais]. Ainm, seoladh agus tuairisc
Arna dhátú ........ [Le síniú ag an aturnae agus le tabhairt ar aird agus le fágáil sa Phríomh-Oifig, agus deimhniú seirbheála formhuinithe air, tráth an iarratais ar bhannaí]. [Ainmneacha baincéirí, más féidir sin, is ceart a thabhairt mar réiteoirí.] _______
BANNA URRAÍ. [Ceannteideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1].
De bhrí go bhfuil caingean........arna tionscnamh san Ard-Chúirt thar ceann........in aghaidh........[agus in aghaidh........ag idiragairt]. Anois ar an ábhar sin déanaimidne........agus........, leis seo, i gcomhpháirt agus go leithleach, sinn féin a chur faoi dhlínse na hArd- Chúirte agus ár dtoiliú a thabhairt go n-eiseofaí forghníomhú inár n-aghaidhne, in aghaidh ár n-oidhrí, ár seiceadóirí agus ár riarthóirí, ár n-earraí agus ár n-airnéisí i leith suime nach mó ná........i gcás nach n-íocfaidh an........sin a mbreithneofar ina choinne sa chaingean sin, maille le costais. (Sínithe na n-urraí). .......
Shínigh an ........sin agus an........sin, na hurraí, an banna an........lá de 20........ Os mo chomhairse ........
[Le síniú sa Phríomh-Oifig nó os comhair coimisinéara].
_______
MIONNSCRÍBHINN FÍRINNITHE.
Mionnaímse [luaigh an t-ainm, an seoladh agus an tuairisc], duine de na hurraí a tairgeadh ar [luaigh ainm, seoladh agus tuairisc an duine a bhfuiltear le dul i mbannaí air], agus deirim gur fiú níos mó ná suim [luaigh i bhfocail suim na mbannaí] euro mé tar éis mo chuid fiach go léir a bheith íoctha.
Arna mhionnú, etc. ........ _______
PRAECIPE UM SCAOILEADH.
Déanaimse, X.Y., aturnae thar ceann [an ghearánaí nó an chosantóra] i gcaingean [abair cad é an cineál caingne é] a tionscnaíodh thar ceann........ in aghaidh [luaigh ainm agus cineál na maoine] atá anois faoi ghabháil de bhua barántais a eisíodh ón bPríomh-Oifig, a iarraidh go scaoilfí an........sin [ós rud é gur tugadh bannaí nó gur tharraing mé siar an chaingean sular taifeadadh láithreas inti, etc., de réir mar a bheidh], agus ós rud é nach bhfuil aon caveat in éifeacht in aghaidh a scaoilte.
Arna dhátú ........ _______
SCAOILEADH.
Do Mharascal Aimiréalachta na hArd-Chúirte agus do gach aon agus gach uile ionadaí dó, beatha agus sláinte.
De bhrí, i gcaingean........a tionscnaíodh san Ard-Chúirt thar ceann........in aghaidh........gur cuireadh d’aithne ort an........sin a ghabháil agus an céanna a choimeád faoi ghabháil shábháilte go dtí go bhfaighfeá orduithe thairis sin. Anois cuirtear d’aithne ort leis seo an........sin a scaoileadh ón ngabháil a rinneadh de bhua an bharántais sa chaingean sin ar íocaíocht a dhéanamh leat as na costais, na táillí agus na caiteachais go léir a bhain le cúram agus coimeád na maoine fad a bhí sí faoi ghabháil sa chaingean sin.
Le hOrdú, etc. (Arna shíniú) ........ (Séala.) Scaoileadh........Máistir na hArd-Chúirte. Arna thógáil amach ag ....... _______ O. 64, r. 23 FÓGRA NÓ PRAECIPE UM CAVEAT IN AGHAIDH SCAOILEADH.
Déanaimse, X.Y., aturnae thar ceann an ghearánaí i gcaingean [abair cad é an cineál caingne é] a tionscnaíodh thar ceann [luaigh ainm, seoladh agus tuairisc an ghearánaí] in aghaidh [luaigh ainm agus cineál na maoine], caveat a iarraidh in aghaidh an [luaigh ainm agus cineál na maoine] sin a scaoileadh. Arna dhátú ........
_______
FÓGRA NÓ PRAECIPE UM CAVEAT IN AGHAIDH BARÁNTAIS. An Ard-Chúirt.
Maidir le [luaigh ainm na loinge nó na maoine eile]
Geallaimse, [luaigh an t-ainm, an seoladh agus an tuairisc], leis seo, láithreas a thaifeadadh in aon chaingean a thionscnófar san Ard-Chúirt in aghaidh [luaigh ainm agus cineál na maoine] agus, laistigh de dhá lá dhéag tar éis fógra a sheirbheáil orm gur tionscnaíodh aon chaingean den sórt sin, dul i mbannaí ina leith i suim nach mó ná [luaigh an tsuim a dtugtar an gealltanas ina leith] ........euro, nó an tsuim sin a íoc isteach sa Chúirt. Agus toilím go ndéanfaí gach ionstraim agus gach doiciméad eile sa chaingean sin a fhágáil i mo chomhair i [an seoladh le haghaidh seirbheála nó áit chláraithe ghnó].
Arna dhátú........ _______ O. 64, r. 42 FÓGRA NÓ PRAECIPE UM CAVEAT IN AGHAIDH ÍOCAÍOCHTA.
Iarraimse, [luaigh ainm, seoladh agus tuairisc an duine a bhfuil an caveat á iarraidh aige] caveat in aghaidh aon airgead a íoc as an gCúirt sa chaingean seo gan fógra a thabhairt dom, agus toilím go dtabharfaí an fógra sin dom trí litir a sheoladh go dtí (luaigh seoladh laistigh den dlínse).
Arna dhátú ........ [Le síniú ag an bpáirtí nó ag a aturnae]. _______
FÓGRA NÓ PRAECIPE CHUN CAVEAT A THARRAINGT SIAR.
Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann [an ghearánaí nó an chosantóra], go ndéanfaí an caveat in aghaidh [luaigh éirim an caveat] a thaifead mé an ........lá de........, 20........, thar ceann [luaigh an t-ainm], a tharraingt siar.
Arna dhátú ........ _______
PRAECIPE UM CHOIMISIÚN MEASTÓIREACHTA AGUS DÍOLA.
Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann [an ghearánaí nó an chosantóra], coimisiún chun [luaigh ainm agus cineál na maoine] a mheas agus a dhíol, de réir mar a d’ordaigh an Chúirt an........lá de........20.........
Arna dhátú ........ _______
COIMISIÚN MEASTÓIREACHTA AGUS DÍOLA.
Do Mharascal Aimiréalachta na hArd-Chúirte agus do gach aon agus gach uile ionadaí dó, beatha agus sláinte.
De bhrí, i gcaingean........ag........in aghaidh........gur ordaigh an Ard-Chúirt an........sin a mheas agus a dhíol. Cuirtear d’aithne ort leis seo fardal den........sin a chur síos i scríbhinn agus, ar dhuine nó daoine le taithí a bheith roghnaithe agat, an duine nó na daoine sin a chur faoi mhionn go ndéanfaidh sé nó siad an céanna a mheas de réir a fhíorluacha, agus, tar éis deimhniú ar a luach a bheith curtha síos i scríbhinn, ........a chur faoi deara go ndíolfar an sin ar ceant poiblí ar an bpraghas is airde is féidir a fháil ar an gcéanna, gan a bheith faoina luach measta. Agus cuirtear d’aithne ort thairis sin, de réir mar a gheobhaidh tú an céanna, na fáltais chomhlána as an díol a íoc isteach sa Chúirt agus an deimhniú meastóireachta arna shíniú agat féin agus ag an meastóir nó na meastóirí, agus cuntas ar an díol arna shíniú agat féin, a chomhdú maille leis an gcoimisiún seo.
Le hOrdú, etc. Coimisiún meastóireachta agus díola. Arna thógáil amach ag.......
_______
ORDÚ SEILBHE I GCAINGEAN AIMIRÉALACHTA.
Do Mharascal Aimiréalachta na hArd-Chúirte agus do gach aon agus gach uile ionadaí dó, beatha agus sláinte.
De bhrí, i gcaingean seilbhe san Ard-Chúirt in aghaidh........, gur ordaigh an Ard-Chúirt seilbh an........a thabhairt suas don........sin nó dá aturnae dleathach lena úsáid aige.
Cuirtear d’aithne ort leis seo an t-árthach sin, a tácla, a feisteas agus a troscán, a scaoileadh ón ngabháil a rinneadh de bhua an bharántais chuige sin agus a seilbh a thabhairt suas don........sin nó dá aturnae dleathach lena úsáid aige.
Le hOrdú, etc. Is é ........as [áit chláraithe ghnó], aturnae thar ceann an........sin, a d’eisigh an t-ordú seo. _______
O. 64, r. 59 PRAECIPE CHUN IONSTRAIM A SHEIRBHEÁIL.
Iarraimse, X.Y., aturnae thar ceann an........, go ndéanfaidh an Marascal Aimiréalachta an [abair cad é an cineál ionstraime é] atá á thaisceadh leis seo a sheirbheáil go cuí. Arna dhátú........ _______ Cuid III: FORMHUINIÚ GINEARÁLTA AN ÉILIMH
Damáiste d’árthach de dheasca imbhualadh.
Tá na gearánaithe, mar úinéirí an árthaigh ‘‘An Eala,’’ a bhaineann le port........, ag éileamh €........ in aghaidh an árthaigh ‘‘An Faoileán’’ mar gheall ar dhamáiste de dheasca imbhualadh a tharla ar Mhuir Éireann an........lá de.........
Damáiste don lasta de dheasca imbhualadh.
Tá na gearánaithe, mar úinéirí an lasta a bhí luchtaithe ar bord an árthaigh ‘‘An Eala,’’ a bhaineann le port........, ag éileamh €........ in aghaidh an árthaigh ‘‘An Faoileán’’ mar gheall ar dhamáiste a rinneadh don lasta sin in imbhualadh ar Mhuir Éireann an ........ lá de.........
[Féadfar an dá éileamh sin roimhe seo a chur le chéile]. Damáiste ar dhóigh eile don lasta. Tá an gearánaí, mar úinéir ar earraí a bhí luchtaithe ar bord an árthaigh ‘‘An Eala’’ ar aistear ó Liospóin go Baile Átha Cliath, ag éileamh €......... ar úinéir an árthaigh sin mar gheall ar dhamáiste a rinneadh do na hearraí sin le linn an aistir sin.
Seilbh Tá an gearánaí, mar úinéir aonair an árthaigh ‘‘An Eala,’’ a bhaineann le port........., ag éileamh go mbreithneofar gur leis seilbh an árthaigh sin.
Tarrthálas Tá na gearánaithe, mar úinéirí, máistir agus foireann an árthaigh ‘‘An Gainéad,’’ a bhaineann le port........., ag éileamh suim €......... as seirbhísí tarrthála a rinne siad don árthach ‘‘An Eala’’, amach ó Charraig Aonair, an.........lá de......... .
Tuáil Tá na gearánaithe, mar úinéirí an tuga gaile ‘‘An Faoileán,’’ a bhaineann le port........., ag éileamh €.........as seirbhísí tuála a rinne an tuga gaile sin don árthach ‘‘An Eala,’’ an.........lá de..........
Pá mairnéalach Tá na gearánaithe, mar mhairnéalaigh ar bord an árthaigh ‘‘An Eala,’’ ag éileamh €.......... i leith pá a dhlitear dóibh.
Riachtanais Tá na gearánaithe ag éileamh € .......... i leith riachtanas a soláthraíodh don árthach ‘‘An Eala’’ i bport Chorcaí, agus a seachadadh an..........lá de........... _______ Cuid IV: RÁITEAS ÉILIMH..
CEANNTEIDEAL AN RÁITIS ÉILIMH. An Ard-Chúirt.
[Teideal na caingne mar atá i bhFoirm Uimh. 1 nó 2, Cuid I]. Ráiteas éilimh. Arna sheachadadh an...........lá de..........., 20..........., ag E.F. as..........., aturnae thar ceann an ghearánaí [nó de réir mar a bheidh]. [Le comhlánú de réir na samplaí sna foirmeacha seo a leanas].
_______
TREALAMH AGUS RIACHTANAIS.
1. Sholáthair an gearánaí riachtanais agus trealamh don árthach ‘‘An Eala,’’ a bhaineann le port..........., agus rinne deisiú uirthi, i míonna...........20..........., i bport..........., ar ordú ó Mhuintir K.L. a bhí údaraithe chuige sin go cuí. Tá an gearánaí ag éileamh:— 1. €........... (maille le hús air sin de réir...........faoin gcéad sa bhliain ón........... [dáta] go dtí go dtabharfar breithiúnas). 2. Daoradh ar an gcosantóir agus ar a bhannaí sa tsuim sin.
_______
TARRTHÁLAS. 1. Úinéirí, máistir agus foireann an ghaltáin ‘‘Cairt Éireannach,’’ 1,300 tonna olltonnáiste cláraithe de lucht, a bhaineann le port Bhaile Átha Cliath, atá sna gearánaithe agus rinne siad seirbhísí tarrthála don ghaltán ‘‘An Faoileán’’ amach ó chósta na hIorua ar, nó um, an...........lá de........... . 2. [Leag amach anseo sonraí na seirbhísí agus na himthosca ina ndearnadh iad].
Éilíonn na gearánaithe cibé méid tarrthálais is cóir.
_______
LOINGSEOIR IN AGHAIDH MÁISTIR FAOI BHILLE LUCHTA MAR GHEALL AR DHAMÁISTE D’EARRAÍ.
1. Bhain damáiste don ghearánaí de dheasca sárú ar chonradh bille luchta, i leith earraí a loingsigh an gearánaí ar bord ‘‘An Faoileán,’’ a shínigh an cosantóir agus dar dáta ............ 2. Seachadadh 50 corna cadáis i riocht damáistithe.
Sonraí an damáiste:— 50 corna ar €........... €........... Éilíonn an gearánaí € ...........
_______
LOINGSEOIR IN AGHAIDH ÚINÉARA LOINGE FAOI BHILLE LUCHTA MAR GHEALL AR DHAMÁISTE AGUS GANNSEACHADADH.
1. Bhain damáiste don ghearánaí de dheasca sárú ar chonradh bille luchta, i leith earraí a loingsigh an gearánaí, a shínigh máistir na loinge ‘‘An Eala’’ mar ghníomhaire an chosantóra agus dar dáta an........... 2. Seachadadh 50 ceathrú cruithneachta i riocht damáistithe agus fágadh gan seachadadh 100 ceathrú.
Éilíonn an gearánaí €...........
_______ Cuid V: AN CHOSAINT.
Ceannteideal na cosanta. [Ceannteideal agus teideal mar atá i bhFoirm Uimh. 1. de Chuid IV]. AN CHOSAINT.
Arna sheachadadh an...........lá de...........20...........ag G.H. as..........., aturnae thar ceann an chosantóra. [Le comhlánú de réir na samplaí sna foirmeacha seo a leanas].
_______
TREALAMH AGUS RIACHTANAIS.
1. Níor riachtanais iad an trealamh a soláthraíodh agus an deisiúchán a rinneadh agus ní éileamh i leith riachtanas faoi réim alt 31 den Court of Admiralty (Ireland) Act, 1867, an t-éileamh. 2. Na riachtanais a líomhnaítear, ní ar chreidmheas an árthaigh sin a sol- áthraíodh iad ach ar chreidmheas pearsanta J.B., bróicéir don árthach, agus ar an gcomhaontú nach mbeadh an t-árthach ina cúlárach ag na gearánaithe.
_______
TARRTHÁLAS.
1. Na seirbhísí a líomhnaítear a rinneadh, níor sheirbhísí tarrthálais iad. 2. (Má rinne an cosantóir forthairiscint pléadáiltear mar a cheanglaítear le hOrdú 22).
_______ |